Tacaíonn Innovative leis an dá (2) leagan deisce is déanaí a eisíodh go poiblí agus is coitianta atá ar fáil de bhrabhsálaithe Chrome, Firefox, Internet Explorer ar fud gach bogearra reatha agus seirbhísí óstáilte Innovative. Cuireann na brabhsálaithe nua-aimseartha seo ar ár gcumas an fheidhmíocht, an tslándáil agus an taithí úsáideora is fearr a chur ar fáil ar Chatalóg Leabharlainne ITBÁC.
Nuair a eiseofar go poiblí leagan nua de bhrabhsálaí, deimhneoidh Innovative tacaíocht don leagan sin laistigh de 90 lá ar bhonn díchill. Ag an tráth sin, tarraingeofar siar tacaíocht don tríú leagan is déanaí.
Nótaí agus Moltaí Moltar taifeach scáileáin 1024 X 768 ar a laghad chun an taithí úsáideora is fearr a fháil. Ní mór JavaScript, fianáin agus SSL 3.0 a chumasú ar gach brabhsálaí. D'fhéadfadh breiseáin bhrabhsálaithe ó thríú páirtí cur isteach ar ghnáthúsáid an bhogearra Innovative agus ar sheirbhísí óstáilte. Sa chás go mbeadh deacrachtaí agat, déan aon bhreiseáin eile a dhíchumasú. Ní fheidhmíonn an brabhsálaí Kindle Fire ceart le feidhmchláir gréasáin ilúsáideora. Chun do tháirgí Innovative a chosaint, déantar brabhsálaithe Kindle Fire a bhlocáil go huathoibríoch.
Nuashonraithe i Márta 2017
Clóscríobh an eochairfhocal is mian leat a aimsiú. Mar shampla:
design
bleachers grisham
Noda Cuardaigh Saoróga
Is féidir focail a chiorrú ar dheis le réiltín ('*') in áit carachtar eile. Is féidir an tsaoróg '*' a leabú i dteaghrán cuardaigh. Féadfaidh tú '?' a úsáid in áit carachtar aonair in áit ar bith i bhfocal. Samplaí: environment* polic*, wom?n
Oibritheoirí Boole
Úsáid "and" nó "or" chun roinnt focal in aon réimse, in aon ord a shonrú. Úsáid "and not" chun focail a fhágáil ar lár. Sampla : stocks and bonds Sampla : (alaska or canada) agus (adventure and not vacation)
Teorainneacha réimse
Ní cheadaíonn teorainn réimse don chóras ach cuardach i réimse sainithe don fhocal/na focail shainithe.
Grúpáil
Déantar torthaí cuardaigh ar eochairfhocail a ghrúpáil de ghnáth de réir ábharthachta leis na teidil is dóichí ar bharr an liosta. Tá an leibhéal céanna ábharthachta agus cuirtear torthaí in ord laistigh den ghrúpa de réir dáta nó teidil. Chun toradh a fháil nach bhfuil grúpáilte, bain úsáid as oibritheoirí Boole chun fiosrú casta a dhéanamh.
Roinnt Focal
Nuair a bhítear ag cuardach roinnt focal, cuirfidh an córas an t-oibritheoir "and" Boole ar fáil go huathoibríoch idir gach focal; beidh na focail ar fad a cuireadh isteach le cuardach le feiceáil in áit éigin sna taifid a dtiocfar orthu ach ní gá gur san ord a cuireadh isteach iad a bheidh siad. Beidh na torthaí céanna mar thoradh ar an dá shampla ar dheis.
Samplaí
university science department
university and science and department
Cuardach ar Ráitis
Cuardaigh ráiteas iomlán trí chomhartha athfhriotail a chur ag tús agus deireadh an ráitis. Beidh focail a raibh comharthaí dúbailte athfhriotail orthu le feiceáil sna torthaí díreach mar a clóscríobhadh iad.
Samplaí
"university science department"
Saoróga
* Meaitseálfar líon ar bith de charachtair gan spás, ag tosú ag áit shonraithe sa fhocal. Mar shampla, meaitseálfaidh "comput*" gach focal a thosaíonn le "comput" (m.sh., "computer", "computation", srl.).
Is féidir an tsaoróg '*' a leabú i dteaghrán cuardaigh.
? Féadfaidh tú comhartha ceiste ('?') a úsáid in áit carachtar aonair in áit ar bith i bhfocal.
Samplaí
Environment* polic*
comp*
wom?n
Oibritheoirí Boole
Úsáid AND nó "OR" chun roinnt focal in aon réimse, in aon ord a shonrú. Úsáid "AND NOT" chun focail a fhágáil ar lár. Roghnaigh an t-oibritheoir is mian leat a úsáid ón liosta roghnaithe san fhoirm Cuardach Casta.
Samplaí
stocks and bonds
stocks or bonds
stocks and not bonds
Teorainneacha Réimse
Is féidir teorainneacha réimse a shonrú trí theorainn réimse a roghnú ón liosta roghnaithe. Beidh na teorainneacha seo le feiceáil roimh an bhfocal nó ráiteas atá le cuardach. Ní cheadaíonn teorainn réimse don chóras ach cuardach i réimse sainithe don fhocal/na focail shainithe. Teorainneacha Réimse agus an bhrí atá leo:
Údar: Ní chuardófar ach réimsí údair Teideal: Ní chuardófar ach réimsí teidil Ábhar: Ní chuardófar ach réimsí ábhair Nóta: Ní chuardófar ach réimsí nótaí
Grúpáil
Déantar torthaí cuardaigh ar eochairfhocail a ghrúpáil de ghnáth de réir ábharthachta leis na teidil is dóichí ar bharr an liosta. Tá an leibhéal céanna ábharthachta ag baint le gach grúpa agus cuirtear torthaí in ord laistigh den ghrúpa de réir dáta nó teidil. Chun toradh a fháil nach bhfuil grúpáilte, bain úsáid as oibritheoirí Boole chun fiosrú casta a dhéanamh.
Na teidil is ábhartha Teidil atá thar a bheith ábhartha Teidil atá an-ábhartha Teidil atá ábhartha Teidil eile atá ábhartha
Má tá údar nó ábhar ann de do rogha a chuardaíonn tú go minic nuair a bhíonn tú ag úsáid na catalóige, féadfaidh tú an cuardach a shábháil le cnaipe a chliceáil. Ní bheidh gá duit an cuardach a chur isteach gach uair agus beidh tú ábalta ábhar nua a chur in áirithe níos tapa.
Conas:
Logáil isteach i Mo Chuntas Leabharlainne.
Cliceáil ar an gcnaipe "Cuardach Nua". Cuardaigh an t-údar, ábhar, teideal, srl. is fearr leat nó cruthaigh cuardach casta ina bhfuil teorainn ar chineál ábhair, teanga, bliain foilseacháin, srl.... Nuair a bheidh na torthaí le feiceáil, cliceáil ar an gcnaipe "Sábháil mar Chuardach Roghnaithe". Tabhair ar aird nach bhfaigheann tú aiseolas go bhfuil an Cuardach Roghnaithe curtha leis.
An chéad uair eile a logálfaidh tú isteach i Mo Chuntas Leabharlainne, féadfaidh tú cliceáil ar an gcnaipe "Cuardaigh Roghnaithe" chun liosta de na cuardaigh atá sábháilte agat a fheiceáil.
Chun go seolfaidh an córas Leabharlainne ríomhphost chugat le torthaí nua ar do Chuardach Roghnaithe:
Logáil isteach i Mo Chuntas Leabharlainne.
Roghnaigh an nasc Cuardaigh Roghnaithe Roghnaigh an bosca seiceála a bhaineann le gach cuardach is mian leat a chuardach go huathoibríoch agus ar mian leat na torthaí a fháil ar ríomhphost sa cholún Marcáil i gcomhair Ríomhphoist, le taobh an cholúin Teideal. Ansin, roghnaigh an cnaipe Nuashonraigh Liosta. Déanfaidh an córas Leabharlainne do chuardaigh a dhéanamh gach maidin Luan agus seolfaidh an córas ríomhphost chugat faoi thorthaí nua. Seolfar na torthaí chuig do sheoladh ríomhphoist atá cláraithe leis an Leabharlann. Tá an seoladh sin le feiceáil faoi d'ainm ar do scáileán taifead Leabharlainne.
Is féidir taifid a chur le do bhunthaifead ó bhrabhsáil taifead, ó Mhála, nó ó thaispeáint iomlán taifead. TABHAIR AR AIRD: Nuair a bheifear ag cur taifead ó thaispeáint taifead, ní mór iad a chur le do liosta nó mála sula n-imeoidh tú ón taispeáint leathanaigh reatha go dtí leathanach nua taifead.
Ag cur le Mo Liostaí ó thaispeáint brabhsála taifead
Cuir tic sa bhosca le taobh na dtaifead ábhartha agus ansin cliceáil Cuir Taifid Marcáilte leis an rogha Mo Liostaí. Mura bhfuil tú logáilte isteach i do chuntas leabharlainne, iarrfaidh an córas ort sin a dhéanamh. A luaithe is a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas leabharlainne, fiafróidh an córas duit an mian leat na taifid a shábháil i liosta atá cruthaithe cheana nó liosta nua a chruthú.
Má roghnaíonn tú liosta nua a chruthú, iarrfaidh an córas ort Ainm a thabhairt ar an Liosta agus Cur Síos a dhéanamh air. Tá an Cur Síos roghnach. A luaithe is a bheidh tú réidh, cliceáil Seol chun liosta nua a chruthú. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin i ndáil leis an liosta nua.
Má shábhálann tú chuig liosta atá ann cheana, nuashonróidh an córas an liosta sin leis na taifid nua agus taispeánfar teachtaireacht deimhniúcháin.
Ag cur le Mo Liostaí ó Mhála
Cuir tic sa bhosca le taobh na dtaifead ábhartha agus ansin cliceáil Cuir Taifid Marcáilte leis an rogha Mála. Cliceáil ar "Féach Mála" Ar an scáileán Mála, cliceáil ar an nasc Cuir le Mo Liostaí. Mura bhfuil tú logáilte isteach i do chuntas leabharlainne, iarrfaidh an córas ort sin a dhéanamh. A luaithe is a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas leabharlainne, fiafróidh an córas duit an mian leat na taifid a shábháil i liosta atá cruthaithe cheana nó liosta nua a chruthú. Má roghnaíonn tú liosta nua a chruthú, iarrfaidh an córas ort Ainm a thabhairt ar an Liosta agus Cur Síos a dhéanamh air. Tá an Cur Síos roghnach. A luaithe is a bheidh tú réidh, cliceáil Seol chun liosta nua a chruthú. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin i ndáil leis an liosta nua. Má shábhálann tú chuig liosta atá ann cheana, nuashonróidh an córas an liosta sin leis na taifid nua agus taispeánfar teachtaireacht deimhniúcháin.
Ag cur le Mo Liostaí ó Thaispeáint Taifead Iomlán
Cuir tic leis an rogha Cuir le mo Liostaí Mura bhfuil tú logáilte isteach i do chuntas leabharlainne, iarrfaidh an córas ort sin a dhéanamh. A luaithe is a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas leabharlainne, fiafróidh an córas duit an mian leat na taifid a shábháil i liosta atá cruthaithe cheana nó liosta nua a chruthú. Má roghnaíonn tú liosta nua a chruthú, iarrfaidh an córas ort Ainm a thabhairt ar an Liosta agus Cur Síos a dhéanamh air. Tá an Cur Síos roghnach. A luaithe is a bheidh tú réidh, cliceáil Seol chun liosta nua a chruthú. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin i ndáil leis an liosta nua. Má shábhálann tú chuig liosta atá ann cheana, nuashonróidh an córas an liosta sin leis na taifid nua agus taispeánfar teachtaireacht deimhniúcháin.
Conas:
Logáil isteach i do chuntas Mo Chuntas Mílaoise.
Murab é an t-amharc réamhshocraithe é, cliceáil ar an nasc "Nithe atá amuigh agam faoi láthair" chun féachaint ar nithe atá amuigh agat. Roghnaigh na nithe atá tú ag iarraidh a athnuachan trí chliceáil ar na boscaí sa cholún ATHNUAIGH agus ansin cliceáil an cnaipe Athnuachan Roghnaithe. Más mian leat gach rud a athnuachan, cliceáil an cnaipe Athnuaigh GACH mír. Mura féidir leat na nithe a athnuachan, tiocfaidh teachtaireacht ar an scáileán. Má éiríonn leat, beidh dáta nua dlite le feiceáil sa cholún "STÁDAS". Féach i gcónaí an colún STÁDAS chun a fháil amach ar éirigh nó nár éirigh leis an athnuachan.